| The Vision- Irish Version |
|
An tOideachas Caitliceach – An Aisling Spiorad Chríost is inspioráid do na pobail ina mbíonn An tOideachas Caitliceach lonnaithe. Spreagann aithne Chríost i dtaca le grá do Dhia agus do do chomharsa éiteas comhbhách ar léir é i gcaidrimh taobh istigh agus taobh amuigh de scoileanna Caitliceacha. Tá an tOideachas Caitliceach dírithe ar an duine. Cuireann sé dínit, féinmheas agus forbairt iomlán an duine chun cinn, an duine a chruthaigh Dia in íomhá féin agus grá ar leith Aige dó. Rud uilechuimsitheach is ea An tOideachas Caitliceach. Tá An tOideachas Caitliceach fréamhaithe i luachanna an tSoiscéil maidir le Meas don Bheatha, An Grá, An Dlúthpháirtíocht, An Fhírinne agus An Chóir; tá sé de chuspóir aige an creideamh agus an cultúr a thabhairt chun comhréitithe, sochaí níos fearr a thógáil agus Leas an Phobail a chur chun cinn.
I dteannta a chéile, cuireann Na Scoileanna Caitliceacha oideachas cothrom d’ardchaighdeán ar fáil do gach duine óg, sa dóigh is gur féidir leis nó léi a fhéiniúlacht iomlán agus a mhianach iomlán a fhorbairt. I Scoileanna Caitliceacha léirítear pearsa agus teachtaireacht Chríost trí: Pobail a chruthú ina bhfuil áit lárnach ag An Creideamh, An tSeirbhís, An Urnaí agus An tAdhradh; Mianach gach duine a fhorbairt ina iomláine i dtimpeallacht a chothaíonn an lúcháir, an tsaoirse, an meas, an dúshlán, an comhoibriú agus an ceiliúradh; Saol an dalta a shaibhriú – an gné intleachtúil, fisiciúil, spioradálta, morálta, sóisialta agus mothúchánach san áireamh; An charthanacht, an chóir shóisialta, eolas ar chúrsaí domhanda agus bá le daoine eile a chur chun cinn i dtreo gníomh a spreagadh agus páirtnéireachtaí a bhunú; Cultúr caoinfhulaingt a chur chun cinn ina n-aithnítear agus ina gcuirtear fáilte roimh dhaoine atá éagsúil ó thaobh na féinúlachta de, le meas agus le grá; Éisteacht, comhthuiscint, muinín, athmhuintearas, leigheas agus síocháin; Daltaí a ullmhú le saol comhlíontach diongbháilte a chaitheamh, le leas an phobail. |

